|
Teachtaire ó Ingrid Betancourt 30.08.03. |
|
|
|
Go
déanach, oiche Satharn 30ú Mi Lúnasa, craolaiodh fistéip d’Ingrid sa
Cholóim. Ina óraid labhair si faoin stáid féin agus stáid na Siochána.
Duirt sí go mbeadh sí toilteanach dá ndéanfai iarracht í a shaorú ó
laimh Fharc. Chun
go n-eireodh aon iarracht mar sin ba chóir go ndéanfadh Uachtarán na
Colóime, an tUas.Uribe smaoineamh doimhin ar sli cheart chun í a
fhuascailt. Ach
cad faoi na daoine eile atá í ngéibheann sa Cholóim?
Ni féidir iad go léir a shaorú tri laimh láidir. Duirt
sí nach raibh sé ceart dearmad a dhéanamh ar na saighdiuirí ón
Choloim atá
gafa freisin
ag Farc agus ELN, grúpa eile réabhloidi, go raibh dualgas ar an Stát
na saighdiúirí sin a shaorú nó a mhalartú. Tá cuid acu gafa
ar feadh 5 bhliain anois. Rinne
si tagairt don triuir
Meiriceanach atá gafa ag FARC. Tá sí cinnte ina haigne go
neireoidh
leis na Stait Aontaithe iad
a shaorú tríd mhean slándála nó trid mhean polaitíochta. Cen
fath nach mbeadh an Cholóim abalta an rud chéanna a dhéanamh freisin?
Ina hóraid iontach a rinne si ó cheartlár na foraoise, dúirt Ingrid go
mba choir go ligfi soar na priosunaigh sibhialaigh mar deá chomhartha ó
thaobh FARC. Ar
aon chuma, anois deirtear go bhfuil
FARC toilteanach caint a dhéanamh le ionadai an UN; sin scéal
mhaith agus tá an Breasail toilteanach an chruinniú sin a eagrú. Ghlach
baill de coiste tacaiochta Bhaile Atha Chliath pairt I suilóid a eagraigh
muintir agus cairde Ingrid Betancourt i bParás i mi Lúnasa. Taréis na
suilóide, ghabh máthair Ingrid, Yolanda Pulecio agus inion Ingrid,
Melanie Delanoye, buíochas do na daoine atá ag iarraidh cuimhne Ingrid
agus na ngiall go léir gafa sa Colóim a choimead beo. Tugadh
cuireadh as son Chomhairle Chontae Baile Atha Chliath
Theas do Melanie teacht go hEirinn chun an onóir a bhronn an
comhairle seo ar Ingrid a ghlacadh. Beidh a fhios againn go luath cathain
a mbeidh si ag teacht. Beidh
coiste Bhaile Atha Chliath ag bhailiú sínithe ar litreacha speisialta
tacaíochta
a sheolfar chuig sráidbhaile sa Fhrainc. Tugtar Eygalayes ar an
bhaile seo agus tá cearnóg ainmnithe in onóir d'Ingrid Betancourt,sé
sin Cearnóg Ingrid Betancourt ann. Beidh
an Choiste ag bailiú na sínithe seo ar an 23ú Mean Fomhair agus 23ú
Deireadh Fomhair taobh amuigh den Ard Oifig an Phoist. Seolfaidh an
choiste na litreacha chun na Fraince. Tá
súil again go mbeidh cóip den litir seo ar fáil i nGaeilge ar an suíomh
chomh luath is féidir. nó suíomh
eile speisialta Anne
O Connell Coiste
Tacaíochta Ingrid Betancourt Rathfarnáin, Baile
Atha Chliath 14. 087
2034819 01
4930713 |
|
|