Foinse 22 Nollaig 2002 Lth 8

Feachtas ar son príosúnach FARC sa Cholóim

Irene Ní Nualláin

Beidh baill de Choiste tacaíochta Ingrid Betan-court ag iarraidh sínithe ó phobal na Gaeilge ar Shráid Uí Chonaill Dé Sathairn beag seo le haird a dhíriú ar a cás.

Fuadaíodh Betancourt agus a stiúrthóir toghcháin Clara Roja sa Cholóim i mí Feabhra na bliana seo agus tá siad i ngéibheann ó shin ag réibiliúnaithe FARC.

Bhronn Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas agus Chomhairle Bhaile Bhricín stádas saoránaigh onóraigh ar an Iar-Fheisire Parlaiminte agus Iar Sheanadóir na Colóime, Ingrid Betancourt, i mbliana. D’aontaigh Comhairle Chontae Ros Comáin agus Comhairle Chontae Fhine Gall le rún a mhol obair agus crógacht Ingrid le deireanas. Tá rún tacaíochta molta ag breis is 290 Comhairle Contae/Cathrach/Baile san Fhrainc, sa Bheilg, san Iodáil, i gCeanada agus in Éirinn faoi láthair.

"Spreagann cás Ingrid suim ionam toisc go bhfuil saol cróga caite aici ag troid ar son cearta mhuintir na Colóime," a deir Anne O’Connell, múinteoir Fraincise i gColáiste Sheosaimh Leamhcán a chuir rún na saoránachta os comhaire Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath agus a bhunaigh Coiste tacaíochta Betancourt in Éirinn.

Rugadh Betancourt i mBogatá sa Cholóim i 1961. Ba Aire Oideachais a hathair sa Cholóim agus ba Ambasadóir é don UNESCO i bPáras níos déanaí ina shaol. Tógadh Ingrid i bPáras ach bhí suim aici riamh i bpolaitíocht na Colóime. Bhunaigh sí an páirtí polaitíochta Oxygeno Verde i 1994. Bhain sí suíochán amach in olltoghchán na Colóime i 1998 agus labhair sí amach i gcoinne lucht na ndrugaí. Ó shin i leith bhí fadhbanna sábháilteachta aici sa tír le FARC agus grúpaí reibiliúnaithe eile sa tír.

Faoi láthair, tá breis is 62,000 síniú achainí scríofa i seacht dteanga ag iarraidh go scaoilfí Betancourt saor. Cuirfear tús leis an gcéad leabhar achainí i nGaeilge Dé Sathairn beag seo ar Shráid Uí Chonaill.

Eolas ó www.educweb.org/Ingrid

ã Foinse 2002


AlterFocus : Ingrid Betancourt et ses enfants www.Betancourt.info